Tá Bewley’s Hotel, óstán clainne faoi úinéireacht lánghaelach, an-bhródúil as tacaíocht a thabhairt do “Sheachtain na Gaeilge”.
Fógraíodh Bewley’s Hotels, grúpa óstáin clainne i gcomhpháirtíocht go hoifigiúil le Seachtain na Gaeilge ón 4-17ú Márta, 2013.
Beidh na ceithre Óstán i nDroichead na Dothra, Baile na Lobhar, Crosaire na Tailte Nua agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt tacaíochta do Sheachtain na Gaeilge le spreagadh a thabhairt dá fhoireann oibre pé cúpla focail atá acu a úsáid go laethúil le cuairteoirí. Cuirfear céad míle fáilte chroíúil roimh na cuairteoirí agus má tá suim acu roinnt Gaeilge a fhoghlaim agus iad ag fanacht i Bewleys, cabhróidh an fhoireann leo roinnt abairtí as Gaeilge a chleachtadh.

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 4 - 17 Márta agus imeachtaí Gaeilge ar siúl timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin lena linn! Is ceiliúradh í ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge agus is cuma más cainteoir líofa tú, foghlaimeoir nua, má tá tú óg nó aosta, is féidir leatsa páirt a ghlacadh agus sult a bhaint as an teanga! Liosta imeachtaí ar www.snag.ie!
Tá Bewleys Hotel Group páirteach le grúpa Óstáin Moran & Bewley’s, an grúpa is mó faoi úinéireacht neamhspleách d'Óstáin in Éirinn agus Óstáin i mBaile Átha Cliath, Londain, Corcaigh, Manchain agus Leeds faoin a gcúram.
Tá na hóstáin go léir suite gairid do lár na cathracha agus na haerfoirt agus taobh le hionaid mhóra cultúrtha agus turasóireachta. Is iad Óstáin Moran & Bewleys an rogha is fearr do thaisteal ar ghnó nó ar spraoi dá bharr san.
No comments:
Post a Comment